Clocha ar mo Phaidrín – Máirtín G. Ó Maicín
Cnuasach as an gcolún, Beo Go Deo
Seo an 3ú leabhar as Gaeilge ó Mháirtín G. Ó Maicín ina bhfuil bailiúchán dá ailt a scríobh sé sa Connaught Telegraph agus i bhfoilsíúcháin eile le blianta beaga anuas. Is iontach an éágsúlacht ábhar atá clúdaithe aige. Tugann na hailt seo siar muid ar bhóithrín na smaointe. Tá ábhar ar fáil faoi chúrsaí reatha a thit amach le blianta anuas, faoi chúrsaí polaitíochta, faoi a ghrá don nádúr agus freisin tá sé sásta a mhothúcháin a léiriú i leith a chúrsaí pearsanta féin.
Bainfidh an léitheoir taitneamh as an eolas cruinn agus an taighde doimhin a léiríonn sé go deas reidh tríd na hailt go léir. Tá stíl scríbhneoireachta aige a mheallann idir óg is aosta agus tá an Ghaeilge líofa éasca a thuiscint don bhfoghlaimeoir freisin. Tagann na hailt as a chroí amach.
Tugann sé le fios dúinn na fadhbanna iomadúla agus cora crua an tsaoil ach airíonn muid freisin an dóchas go bhféadfaí rudaí a chur ina gceart. Tá an gol agus an gáire agus ábhar machnaimh iontu.
Tá moladh mór ag dul don údar as a thaithí saoil a nochtadh dúinn i dteanga bhinn ár sinsir. Gura fada buan é ag leagan a phinn ar phár gach seachtain.